D'éirigh leis an gcomhlacht fiontair 'Comhluadar' duais a bhaint amach i gCraobh Réigiúnach de Chlár na gComhlachtaí i Seanscoil Sailearna inniu. Is cártaí lámhdhéanta tré Ghaeilge iad le píosaí ceoil agus oidis ar a gcúl. Tá siad cáilithe anois do Chraobh na hÉireann i mí Aibreáin. Comhghairdeas libh a Chaoimhe, Eimear, Lucy agus Ezra.