Mar chuid de chlár folláine na scoile, rinne Caoimhe Ní Dhonnchú, Eimear Ní Mháille agus Lucy Ní Dhomhnaill trí chur i láthair le seachtain anuas, ceann do choiste folláine na múinteoirí, ceann do mheantóir folláine na scoláirí agus an cur i láthair eile d'fhoireann na scoile thar cheann coiste folláine na hIdirbhliana. Ba ar thorthaí suirbhé folláine a rinne na scoláirí ag deireadh mhí Mheán Fómhair a bhí an cur i láthair bunaithe. Tá ábhar machnaimh sna torthaí don scoilphobail uilig agus súil againn aghaidh a thabhairt ar ghnéithe de na torthaí seo i mbliana.