Tháinig beirt ionadaí ó Chomhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe chun na scoile ar an Luan le labhairt le Coiste Folláine na hIdirbhliana. Rinne na scoláirí cur i láthair dhóibh agus thug na hionadaithe roinnt smaointe don choiste maidir le cúrsaí folláine a chur chun cinn sa scoil.