D'éirigh le foireann sóisir díospóireachta na scoile, Sarah Ní Chualáin, Méabh Ní Ghionnáin agus Éabha Nic Dhonnacha agus le foireann sinsir díospóireachta na scoile, Eimear Nic Dhonnchadha, Caoimhe Ní Chuinn agus Neans Nic Dhonncha an chéad bhabhta eile de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain a bhaint amach anocht. Reáchtáladh an babhta seo i gColáiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí.