D'éirigh le foireann sinsir díospóireachta na scoile, Caoimhe Ní Chuinn, Neans Nic Dhonncha agus Eimear Nic Dhonnchadha, an chéad bhabhta eile de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain a bhaint amach an tseachtain seo caite. Reáchtáladh an babhta is déanaí den chomórtas i gColáiste Chroí Mhuire, An Spidéal.