Comhghairdeas le Róise Nic Dhonnacha (Idirbhliain) agus Alliance Stuntworx Galway a bhuaigh bonn cré-umha Elite ag Craobh Domhanda Cheeleading i Florida i rith na seachtaine. Comhghairdeas freisin le scoláirí na chéadbhliana, dara bliana agus tríú bliana a fuair an dara háit i gCraobh Hip Hop na hÉireann. Fuair Eimear Ní Mháille (Bliain 3) an chéad áit faoi 15 agus Caoimhe Ní Dhonnchú (Bliain 3) an dara háit faoi 14. Maith sibh a scoláirí.