Comhghairdeachas ó chroí le scoláirí na cúigiú bliana ar bronnadh Teastas Eorpach sa nGaeilge (TEG) orthu an tseachtain seo. Is clár de chuid Ollscoil Mhá Nuad é seo a rinneadh mar chuid de chlár na hIdirbhliana. Tugann an scrúdú deis d'iarrthóirí a gcumas a dheimhniú sa labhairt, sa gcluastuiscint, sa léitheoireacht agus sa nGaeilge scríofa.