Tomás Ó Monacháin
Príomhoide Scoil Chuimistheach Chiaráin ón mbliain 1979 go dtí 1996 agus fear uasal ionraic ar shlí na fírinne.
Gael go smior ab ea Tomás Ó Monacháin a shaothraigh go díograiseach, go coinsiasach agus go cothrom ar son an oideachais, an phobail agus na Gaeilge le linn a thréimhse mar phríomhoide ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin idir na blianta 1979 go dtí gur éirigh sé as a chuid dualgais sa mbliain 1996. Bhí tionchar dearfach aige ar na céadta scoláirí ar bhealach díreach agus indíreach agus is iomaí éacht a rinne scoláirí na linne sin agus iad ag tabhairt faoi scrúdú, ar chúirt cispheile, ar pháirc imeartha agus ag Slógadh. Go ndéana Dia Trócaire ar a anam dílis.
Fógra RIP
Grianghraf a tógadh ag ócáid bhronnta i halla na scoile