Is iad spriocanna an Chláir Teagmhála Baile agus Scoile ná:
-
An tuismitheoir a fhorbairt mar phríomh oideachasóir a ngasúr laistigh den chomhthéacs baile agus scoile.
-
Tógáil air agus buanú ar an gcomhpháirtíocht idir an baile agus an scoil.
-
Cur ina luí ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí SCC an tábhacht a bhaineann le cumarsáid rialta idir an scoil agus an baile.
-
Comhoibriú idir an scoil, an baile, eagrais pobail agus stáit a neartú agus a chothú chun curle dul chun cinn oideachasúil scoláire ar bith a d’fhéadfadh a bheith i mbaol gan a gcumas iomlán a bhaint amach ina saol scolaíochta.
-
Cur le agus tógáil ar fhéinmhuinín thuismitheoirí/chaomhnóirí na scoile ionas go mbeidh siad in ann a gcuid gasúir a spreagadh ina saol scolaíochta, ionas go sroichfidh a ngasúr ceann cúrsa ina saol scoile agus go mbainfidh a ngasúr leas iomlán as na deiseanna a sholáthraíonn Scoil Chuimsitheach Chiaráin.
-
Tuismitheoirí a infheistiú leis na scileanna cuí chun cur lena bhforbairt phearsanta trí chúrsaí / cheardlanna oiliúna, traenála agus siamsaíochta a reáchtáil.
Déan teagmháil leis an gComhordaitheoir Teagmhála Baile & Scoile
@
091 595215