Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Rang Suaimhneas

04-Deireadh Fómhair-24
Rang Suaimhneas

Cúlra

Bunaíodh an Rang Suaimhneas sa mbliain 2016 le freastal a dhéanamh ar riachtanais scoláirí agus le hoideachas ionchuimsitheach a chur ar fáil i gceantar Chonamara.

Fís

Is éard atá i bhfís Suaimhneas ná go gcuirtear timpeallacht ionchuimsitheach, thacúil agus spreagúil ar fáil. Timpeallacht a chuireann le scileanna praiticiúla saoil na ndaltaí, a chothaíonn foghlaim neamhspleách ina measc, agus a chinntíonn go mbeidh an t-athrú go dtí an saol tar éis scoile chomh héasca agus is féidir do dhaltaí a bhfuil uathachas orthu. Tá an Rang Suaimhneas múnlaithe ar chultúr ionchuimsitheach Scoil Chuimsitheach Chiaráin.

Aidhmeanna

  1. Cuir le scileanna na ndaltaí chun cinntiú go bhfuil siad in ann maireachtáil go laethúil agus go neamhspleách.
  2. Foghlaim neamhspleách a chothú agus imeascadh le pobal uile na scoile a chur chun cinn.
  3. Cabhrú leis an aistriú ón mbunscoil go dtí an mheánscoil agus níos faide ar aghaidh arís.
  4. Daltaí agus lucht oibre an Rang Suaimhneas a chosaint.
  5. Cumarsáid éifeachtach a láimhseáil le gníomhaireachtaí seachtracha.

Comhtháthú agus an Curaclam

Mar chuid de chur chuige Suaimhneas, nuair is cuí agus is féidir, freastalaíonn daltaí Suaimhneas ar ranganna an phríomhshrutha in éineacht le scoláirí eile na scoile. Anuas air sin, cuireann an Rang Suaimhneas an Clár Foghlama Leibhéal 2 ar fáil mar chuid de churaclam na Sraithe Sóisearaí. Cuirtear na ranganna seo ar fáil ar bhonn aonair nó i gcomhar le daoine eile, ag brath ar riachtanais na ndaltaí. (Gheofar níos mó eolais maidir leis seo sa nasc Clár Foghlama Leibhéal 2 thíos).

Is gné lárnach de churaclam laethúil Suaimhneas é go gcuireann daltaí lena gcuid scileanna praiticiúla saoil. Glacann daltaí páirt, go seachtainiúil agus go laethúil, ní hamháin i ranganna cócaireachta, garraíodóireachta, agus ceoil ach, in ócáidí a chuireann deiseanna sóisialú ar fáil, bíodh siad taobh istigh nó lasmuigh de shuíomh na scoile.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag na naisc thíos:

CFL2anna - An tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí

As I Am - Ireland's Autism Charity

HOME - Galway Autism Partnership

Middletown Centre for Autism

Snowflakes Allowances

D.Fómh
14 2024
Seachtain na Matamaitice
D.Fómh
18 2024
F16 Peil Buachaillí
D.Fómh
21 2024
Bronnadh Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta
D.Fómh
22 2024
Scrúduithe Lár-Téarma
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Chuimsitheach Chiaráin,
An Cheathrú Rua,
Co Na Gaillimhe,
Ireland

091 595 215


Suíomh / Location
© 2024 Scoil Chuimsitheach Chiaráin